Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)
- Suíomh:
- Gort na Léime, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chonnaich sé fear beag ag teacht chuige amach as an lios. Dubhairt an fear beag leis.
"Tá brón mór ort indhiaidh na bó sin a fuair bás ort."
Tá go deimhin arsa an fear.
D'fhiafruigh sé de annsin an n-aithneóchadh sé an bhó dá bhfeicfeadh sé í. Dubhairt sé go n-aithneóchadh. Thug an fear beag fáinne dhó agus dubairt sé leis feachaint isteach ann. D'féách sé thríd an bhfáinne, agus chonnaich sé an t-Sean Bhó Ríabhach ag ithe ar thaobh an leasa. Annsin dubhairt an fear beag leis
"Téigh go dtí an bhó, agus cas do dhá láimh ina a ruball, agus na leig di imtheacht uait ar a bhfaca tú aríámh. Tiubharfaidh sí isteach i dteach Banríoghan na Bruine thú, agus nuair a racfas tú isteach annsin na bíodh focal asat acht eascaine. Déarfaidh an "banríoghan" leat.
"Toig do Sean Bhó Ríabhach as m'amharch,' agus na imthigh gan an bhuarach"
Rinne an fear mar dubhairt an fear beag leis. Thug sé abhaile an bhó, agus bhí sí aige in a dhiaidh sin go raibh trí laoig eile aicí.P. Pléimeann, Coille Cocla
Fritheadh an scéal seo ó
Labhrais Ó Ciaráin, Buidhe-Aibhneac, Gleann na Madadh- Bailitheoir
- Pádhraic Pléimeann
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Labhrais Ó Ciaráin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Buíbheanach, Co. na Gaillimhe