School: Gort na Léime (roll number 13012)

Location:
Gortaleam, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0037, Page 0323

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0037, Page 0323

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort na Léime
  2. XML Page 0323
  3. XML “Bóithre an Cheantair”
  4. XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó bhí sean chasán ag dul thrí bhaile bhfuil Lios-Uí-Choncubhair, mar ainm anois air. Níl an casán sin an anois, acht bhí an sean chasán ag dul thrí ghabhaltas talmhan atá anois i seilbh Mhicheáil Maghoireachtaigh i Lios-Uí Chonchubhair agus ag teacht amach ar Baile an Chaisleáin Bhig. "Bóithrín Bradach" bhí air. Fadó bhiodh gaduidhthe annseo agus is minic a mharbhuigheadh siad daoine bíod ag dul treasna an bóithrin ó aonach nó ó mhargadh, agus bhaineadh siad an t-airgead dóibh. Is iomdha duine a marbhuighead ann agus sín é an fáth ar tugadh an "Bóithrín Bradach" mar ainm air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    2. objects
      1. man-made structures
        1. public infrastructure
          1. roads (~2,778)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraic Pléimeann
    Gender
    Male
    Address
    Woodfield, Co. Galway
  2. Fadó bhíodh breagán ag na buacaillí beaga darb ainm guna pléasgáin. Mar seo a deantaoí é. Níor mhór píosa deas díreach de chrann truim a fhághail a mbeadh "tolladh" maith ann. Cuirtí poll san ait a mbíodh an "tollad". Níor mhór "Mull" a dheanamh de shlat. silleóige. É bheith caol san áit a racfadh sé isteach san "nguna", agus leathan san áit a mbearfá air. Deantaí "pilléar" le píosa de pháipéár. Cuirtí pilléar amháin isteach ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.