Sean Scéal. Lá amháin bhí Gobán Saor agus a mhac ag siúbhal an bóthair. Bhí turas fada le siúbhal aca. Dubhairt Gobán Saor leis an mac "giorruigh an bóthar a mhic". Thosuigh an mach ag rith. Dubhairt Gobán Saor leis "mo léun thú a mhic." Nuair tháinic siad abhaile trathnóna. Dubhairt mac Gobháin Saor le n-a mháthair. D'iarr mo athair orm indiú an bóthar a ghiorrúghadh, Thosuigh mé ag rith, ach ní raibh sé sásta liom." Dubhairt an mháthair leis "nuair a déarfas d'athair leat an bóthar a ghiorrúghadh arís tosuigh ag innseacht scéal dó.Ingo MittendorfLá amháin casadh Naomh Pádhraig le Oisin, agus deirtear gur mhúin sé an fíor chreideamh dhó, agus gur bhaist sé é. Nuair bhí Naomh Pádhraig ag baisteadh Oisin thuit an bacall uaidh, agus bualadh ar chois Oisín é, ghearr sé é, agus bhí a chos ag tabhairt fhola. Nuair bhí sé baiste ag Naomh Pádhraig, thug Naomh Pádhraig fa deara go raibh an bacall sáidhteIngo Mittendorf