School: Gort na Léime (roll number 13012)

Location:
Gortaleam, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0037, Page 0311

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0037, Page 0311

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort na Léime
  2. XML Page 0311
  3. XML “Seancheirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó bhíodh sean fhir i ndon sciogóg a dhéanamh agus ciseáin a slataibh. Deantaoi sciceog geal sé sin an craiceann a bhaint de na slataibh. Déantaoi lóid freisin. Bhíodh dá cineál lóid ann. Lóid móra, leathana ar a d-tugtaoi lóid mhóna agus lóid beaga. Is leasú, sráide chur amach san earrach. Bhíodh lóidín beag ann an cliabhín le h-aghaidh piocadh fataí.
    Tuigheadóireacht:- Sa n-geimhreadh nó i d-tús an earraigh is mo a bhíodh an tuigheadóireacht ghá déanamh. Bhíodh cupla fir i ngach baile a mbíodh cáil mhór ortha mar tuigheadóirí. Bhíodh siad san go mór i g-ceist in aimsear na tuigheadóireachta fado agus in áiteacha fós caoltar tuighe. Bhíodh ar [?] ar fad agus nuair bhíodh fear ag tuigheadóireacht bhíodh snáthadh tuigheadóireacht aige. Dhéanadh sé an díon a fúgháil tríd an sgraith ar caolach an tuighe. Cuirtí an fúgháil isteach thart ar na fráightheacha agus amach arís. Bhíodh an díon go h-an láidir annsin agus ní fhéadhaí an gaoth é sguabadh,
    Ag dóghadh aoil:- Bhíodh an ceird seo go mór i gceist fadó. Is beag fear nach mbíodh a chuid féin aoil aige. Bhíodh turnóg beagnach ag gach uile fear tighe agus muna mbíodh bhíodh iasacht turnóige le fágáil aige ó na cómharsa béal doiris. Mar seo a déantaí turnóg aoil a dhoghadh. Cuirtí cláir thíos í dtóin na turnóige, móin os a chionn sin agus annsin cuirtí teine ann. Nuair bhéadh an teine dearg cuirfidh líne clocha bristí ós cionn na gcloch agus mar sin go mbíodh an turnóg líonta suas. Bhíodh móin fé leith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish