School: Garán (roll number 11721)
- Location:
- Garraun, Co. Galway
- Teachers: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Garán
- XML Page 0121
- XML “Naomh Pátrúin an Cheantair seo”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gcomhnuidhe i n-aice leis an dtobar uisge as. Bhíodh Naomh Cáimín ag rádh paidhreacha go minic agus deireann na daoine go raibh sé go h-an cráibhtheach nuair a bhí sé óg. Tá Tobar Cáimín suidhte ar an dtráigh agus níl sé suidhte i bhfad ó'n gcill a bhí ag Naomh Cáimín fadó. Do chruinnigheadh gach duine a bhí i n-a chomhnuidhe san áit seo go dtí an tobar beannuighthe sin agus dhéanaidís turas ó'n dtobar go dtí carraig mór atá suidhte i dTrian Lár. Tá an charraig le feiscint fós agus is féidir an tobar a fheiceál nuair a bhíonn an taoille amuigh. Tobar fíor -uisge atá i dTobar Cháimín agus bíonn sruthán ag teacht uaidh i gcomhnuidhe. Do bhíodh na daoine a mbhíodh i n-a gcomhnuidhe san cheanntar seo ag déanamh turais chuig an tobar sin i n-aimsir Chromail nuair a bhí na séipéil go léir dóighte beagnach. Ní bhaisttear(continues on next page)