Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)
- Suíomh:
- An Garrán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gcomhnuidhe i n-aice leis an dtobar uisge as. Bhíodh Naomh Cáimín ag rádh paidhreacha go minic agus deireann na daoine go raibh sé go h-an cráibhtheach nuair a bhí sé óg. Tá Tobar Cáimín suidhte ar an dtráigh agus níl sé suidhte i bhfad ó'n gcill a bhí ag Naomh Cáimín fadó. Do chruinnigheadh gach duine a bhí i n-a chomhnuidhe san áit seo go dtí an tobar beannuighthe sin agus dhéanaidís turas ó'n dtobar go dtí carraig mór atá suidhte i dTrian Lár. Tá an charraig le feiscint fós agus is féidir an tobar a fheiceál nuair a bhíonn an taoille amuigh. Tobar fíor -uisge atá i dTobar Cháimín agus bíonn sruthán ag teacht uaidh i gcomhnuidhe. Do bhíodh na daoine a mbhíodh i n-a gcomhnuidhe san cheanntar seo ag déanamh turais chuig an tobar sin i n-aimsir Chromail nuair a bhí na séipéil go léir dóighte beagnach. Ní bhaisttear(leanann ar an chéad leathanach eile)