Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)
- Suíomh:
- An Garrán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Garán
- XML Leathanach 0033
- XML “Cluichí”
- XML “Bóithre an Cheantair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)'Sé an chaoi a gcuireann siad an luasc suas ná fághann siad téad láidir agus cuireann siad thar géag de chrann é agus ceangluigheann siad é agus annsin cuireann siad mála ar an téad agus suidheann páisde amháin ar an mhála agus luascann páisde eile é. 'Sé an chaoi i n-a luascann siad ar an mhaide corrach ná gheibheann siad maide agus cuireann siad é ar chloich mhóir agus suidheann páisde ar thaobh amháin de'n mhaide agus suidheann páisde eile ar an dtaobh eile agus tosuigheann siad ag luascadh suas agus síos. Is minic a dtuiteann páisde de'n mhaide agus nuair a thárluigheann sin tuiteann an pháisde eile chómh maith. Bíonn na cailíní óga ag imirt le téad.
- Tá go leor bóithre sa cheanntar seo. Tá cuid aca sean agus cuid eile aca nuadh. Tá bóthar ag dul go dtí Dhá Pholl agus is píosa de cheann de na bóithre ó Theamhair é. Tá sé go h-an caol agus ní maith an bhóthar é. Tá bóthar ag dul ó Bhaile na Cuirte go dtí droichead an Chláirín agus is le deireannaigh a rinneadh é. Tugtar an Líne Nuadh air. Tá bóthar eile(leanann ar an chéad leathanach eile)