Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)

Suíomh:
An Garrán, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0079

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0079

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Garán
  2. XML Leathanach 0079
  3. XML “An Gabha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sé Tomás Ó Maidín an t-ainm atá ar an ghabhainn atá 'san ceanntar seo. Tá sé in a chomhnuidhe 'san Traen Lár. Tá ceardcha aige agus bíonn sé ag obair 'san ceardchain gach lá. Tá iomar ins an ceardchain agus tá an iomar déanta de chloich. Tá casúr mór agus casúr beag ag an ghabhainn. Cuireann an gabha cruidhte ar chapallaibh. Déanann an gabha na cruidhte a chuireann sé ar na capallaibh as iarann. Déanann an gabha a lán rudaí as iarann. Cuireann sé an t-iarann ins an teine. Séideann sé an teine leis na mbolg. Nuar a bhíonn an
    t-iarann dearg beireann sé greim air le pinsúir . Leagann sé ar an inneoin é agus tosuigheann sé 'ghá bhualadh leis an casúr mhór le cibé cruth is mian leis a chur air. Annsin tógann sé crúbh an chapaill idir a dhá ghlúin agus gearrann sé é. Leagann sé an t-iarann anuas ar an crúb agus buileann sé táirgne suas tríd an crudh. Tá an ceardcha cosamhail le teach. Ta tuighe mar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
          1. gaibhneacht (~2,389)
    Teanga
    Gaeilge