School: Garán (roll number 11721)
- Location:
- An Garrán, Co. na Gaillimhe
- Teachers: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Garán
- XML Page 0041
- XML “Herbs”
- XML “Féilte na Bliana”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)which grows in this district and it is very poisonous. It generally grows beside a wall or among bushes. If goats eat it, it will not kill them, but if sheep eat it, it is sure to kill them.
- Ar oidhche Fhéile Bríghde téigheann na cailíní óga thart leis an mbrídeóg ó theach go teach.Tugann na daoine airgead dóibh. Bíonn siad gléasta i gcaoi nach mbíonn aithne ag aoinne ortha. Nuair a théigheann siad isteach i dtigh tosnuigheann siad ag damhsadh agus ag gabháil amhráin. Ar lá Fhéile Bríghde déanann na daoine croiseanna de thuighe agus crochann siad iad ar an taobh istigh de na dóirsibh agus annsin coinnigheann siad iad i dtaisge. Bíonn go leór croiseanna ag cuid de na daoinibh mar coinnigheann siad iad ó bhliadhain go bliadhain. Ar lá Fhéile Pádraig cuireann na daoine seamróga ar a gcótaí i n-onóir do Naomh Pádraig. Ar an dara lá de Feabhra bíonn lá Fhéile Muire na gCoinneal. Beannuigheann na sagairt coinnle ar an lá sin. Bíonn an Inid ann ó Nodlaig go dtí Máirt na h-Inide . Ar Máirt na h-Inndhe bíonn féasta mór ag na daoine roimh an Carrghas agus bionn damhsaí ar siubhal. Bíonn an Carrghas ann ó Céadaoin na luaithre go dtí Satharn na Cásca. Ar domhnach na Cailce bíonn na daoine ag cur cailce ar na(continues on next page)