School: Garán (roll number 11721)
- Location:
- Garraun, Co. Galway
- Teachers: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Garán
- XML Page 0120
- XML “Naomh Pátrúin an Cheantair seo”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 'Sé Naomh Cáimín naomh patrún an cheanntair seo. Bhí cill ag Naomh Cáimín agus bhí an chill suidhthe i n-aice leis an roilig atá san áit ar a dtugtar Cill Cáimín air anois. Tá foirgnidhthe an chill le feiscint go fóill. Leighis Naomh Cáimín go leór daoine agus bhíodh sé ag freastail ar dhaoine a bhíodh breóidhte i gcomhnuidhe . Bhí Naomh Cáimín go h-an cinéalta ar na bochtaibh. Leighis sé duine darbh ainm dí Maighréíd Ní Fhathaigh. Bhí cos tinn aici agus dubhairt Naomh Cáimín cúpla paidir agus leighis sé í agus bhí an chos chómh maith agus a bhí sé ariamh roimhe sin. Bhí lámh breóidhte ag duine eile freisin agus leighis Naomh Cáimín é agus deireann na daoine atá i na gcomhnuidhe san cheanntar seo gur leighiseadh lámh an duine sin go h-an tapaidh. Tá falla tart timcheall ar Thobar Cháimín agus fághann na daoine atá i n-a(continues on next page)