School: Garán (roll number 11721)

Location:
Garraun, Co. Galway
Teachers:
Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0033, Page 0027

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0033, Page 0027

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Garán
  2. XML Page 0027
  3. XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”
  4. XML “Laethanta Áirithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    rasaí idir na bháid aca. Bhíodh na páisdí ag rás agus ag léimrigh agus ag déanamh caisleán ar an dtráigh. Bhíodh na daoine fásta ag rinnce um thráthnóna tar éis a gcuid oibre a bheith déanta aca. Bhíodh na buachaillí óga ag déanamh (cliab) cliamháin án agus gunnaí. Bhiodh spóirt mór ag na daoine ag fiadhach an t-am sin freisin. Bhiodh na cailíní i ndon bábóga a dhéanamh. Do bhíodh na buachaillí óga ag dhéanamh bóghanna agus saidhid. Bhíodh na fir óga ag iománaidheacht agus ag sleamhnughadh ar an leac-oighir. Bhí siad indon caipíní a dhéanamh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Ar lá Fhéile Bhrighde gníonn na daoine thart fá'n dúthaigh seo croiseanna de tuighe agus fágann siad ar leat-taobh iad annsin. Ar lá Fhéile San Seáin déanann na daoine teine mór i n-onóir do'n naomh sin. Ar lá Fhéile San Mháirtín marbhuigheann na daoine coiligh i n-onóir do naomh Mháirtín. Annsin chuireann siad cuid de'n fhuil ar an doras. Ar lá Fhéile Phádraic cuireann na daoine seamróga in a gcuid cótaí agus téigheann siad ar Aifreann an lá sin freisin. Nuair a thosnuigheann daoine ag dul ar sgoil de'n céad uair is maith leo dul ar Dia Máirt. Ní maith le daoine bainne a thabhairt d'aon duine
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish