School: Garán (roll number 11721)

Location:
Garraun, Co. Galway
Teachers:
Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0033, Page 0028

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0033, Page 0028

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Garán
  2. XML Page 0028
  3. XML “Laethanta Áirithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ar lá Bealtaine. Cuireann na sagairt luaithre ar clár-éadain na ndaoine ar Chéadaoin na luaithre. Má bhíonn báisteach ann ar lá Suitín beidh báisteach ann ar feadh ceathrachadh lá in a dhiaidh sin. Má beirtear duine ar aon lá i seachtmhain Cingéise deirtear go marbhóchaidh an duine sin duine eile agus go mbéadh sé go fíochmar. deirtear go dtárluigheann a lán timpist ar Luan Cingéise. Deirtear nac ceart do duine dul amach ag snámh le linn na Cingéise. Cuireann na daoine óga cailc ar na daoine nach bhfuil pósta ar Domhnach na Smut.[Bíonn na buachaillí óga ag dul thart ó theach go teach ar lá San Stiopháin agus bailigheann siad a lán airgid san gcaoi sin. Téigheann na cailíní óga thart ó theach go teach leis an mbrídeóig agus ins an gcaoi sin bailigheann siad go leór airgid. Beannuigheann na sagairt na coinnle lá Fhéile naomh Mhuire. Déanann na daoine áltóir lá Béaltaine. Nuair a thagann oidhche Nodlag bhig lásann na daoine dá cheann déag de coinnle ins gach teach. Déanann na daoine óga deilbh chun iad a chur ar altóirí lá Bealtaine. Nuair a thagann lá Fhéile Coille bíonn áthas mór ar na daoine agus deireann siad "Go mberimíd beo an t-am seo arís". Nuair a cloiseann siad an chuach deireann siad an rud céadna.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish