School: Garán (roll number 11721)

Location:
Garraun, Co. Galway
Teachers:
Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0033, Page 0024

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0033, Page 0024

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Garán
  2. XML Page 0024
  3. XML “Áitainmneacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá tobar thart fá'n dúthaigh seo agus tugtar Tobar Bodhar air. 'Sé an fáth go dtugtar an t-ainm sin air mar go ndéarna fear bodhar é. Tugtar Poll Oidhche ar áit i n-aice le Trian lár mar gur báitheadh fear ann darbh ainm do Oidhche. Aon lá amháin bhí sé amuigh ag siubhal le na gadhar agus shíl sé dul amach ag snámh. Cheangal sé an ghadhar le chloich agus chuaidh sé amach ag snámh acht báitheadh é agus tugtar Poll Oidhche ar an áit i n-ar báitheadh é go dtí an lá atá indiú ann. Bhí rí i n-a chomhnuidhe san áit seo agus Meadh ab' ainm dhó agus bhí ríoghacht aige annseo agus sin é an fáth go dtugtar Meadhraidhe ar an áit seo. Ta páirc i nÁrd Fhraoigh agus tugtar páirc na muc uirthi. 'Sé an fáth go dtugtar an t-ainm sin ar an áit ná go raibh duine san áit agus bhí muca aige agus gach lá do leigeadh sé na muca amach san bpáirc. Tá áit eile freisin agus tugtar Fuarán Mór ar an gceanntar sin anois. Bhí Fuarán mór ann fadó agus sin é an fáth go dtugtar Fuarán Mór ar an áit. Bhí go leor Manach i gceanntar san áit seo agus tugtar Baile na Manach ar an gceanntar anois.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Garraun, Co. Galway