Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)

Suíomh:
Garraun, Co. Galway
Múinteoirí:
Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0025

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0025

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Garán
  2. XML Leathanach 0025
  3. XML “Ainmhithe Allta”
  4. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ta ainmhidhthe allta thart fá'n áit seo. Tá coiníní, girrfhiadhthe, bruic, sionnaigh agus easóga in n-a gcomhnuidhe san áit seo. Tá go leór (sionnaigh) sionnach i n-Árd Fhraoigh agus déanann siad a lán díoghbhála. Téigheann daoine ar a dtóir uaireanta agus marbhuigheann said cuid aca. Tá teanga an t-sionnaigh go maith chun dealg do tharraingt amach. Is ainmhidhe beag í an easóg. Déanann sí a lán díoghbhála acht tá maitheas inntí freisin. Tá a lán sgéalta faoi díoghaltas na h-easóige. Aon lá amháin bhí fear ag siubhal go dtí an Ghaillimh. Chonaic sé frannchac agus easóg ag troid le chéile. Thug an fear buille do'n francach agus bhain an franncach greim ar a chois. Annsin chuaidh an fear abhaile agus an chéad lá eile ní raibh sé indon siubhal leis an pian a bhí i na chois. An oidhche sin rith an easóg isteach agus d'fhág sí duilleabhar de crann in aice leis. Chuir an fear an duilleabhar leis an áit i na chos a raibh an pian agus leighiseadh é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    2. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    Teanga
    Gaeilge
  2. Tá go leor leighis ag na sean daoine thart fá'n dúthaigh seo. Tá áit i mBaile na Cloiche agus bhíodh naomh i na luighe ann gach oidhche agus bhíodh tinneas fiacla uirthí go minic agus dhá mbeadh tinneas fiacla ar duine agus dá gchodlóchadh an duine (ar) sin
    san
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge