Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)

Suíomh:
An Garrán, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0021

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0021

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Garán
  2. XML Leathanach 0021
  3. XML “Seanscoileanna”
  4. XML “Seancheirdeanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    scoileanna sin ar chor ar bith. Níor dhubhairt aon duine rud ar bith i n-aghaidh na Scoileanna Náisiúnta acht an t-Árd easbog Seán Mhic h-Éil i dTuaim. Ní leigheadh seisean ceann aca isteach in a dhíoses. Bhí múinteoir eile ag dul thart ó theach go teach ag múineadh na páistí darbh' ainm dhó Seán Ó Catháin. Ní raibh an méid cáil air agus a bhí ar Mícheál Ó Donnchadh. Do bhí an Ghaedhilg go maith aige acht ní raibh sé chómh cliste le Mícheál Ó Donnchadh. Ní raibh mórán sgoileanna eile san áit seo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Do bhí a lán cheardanna dá chleachtughadh ag na daoine thart fá'n dúthaigh seo i bhfaid ó shoin. Bhíodh cuid aca in a súinéirí, cuid aca i na ghréasaidhthe agus cuid eile aca in a ghaibhne. Do bhí gabha in a chomhnuidhe i gCill Cháimín. Bhí ceardcha aige ann agus bhíod sé ag obair istigh ann. Fear mhór do bhí ann agus bhí sé go h-an láidir. Bhí inneónn, casúr táirngí agus iarann aige sa ceardcha. Biodh sé ag cur crúidhthe faoi chapall agus ag cur deis ar chéachtaí agus ar gheataí. Bhí fear eile in n-a ghréasaidhe i mBaile na Cúirte. Séamus de Búrca ab' ainm dhó. 'Sé an obair a bhí aige ná bheith ag déanamh bróg agus ag cur deis ar sean
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge