School: Garán (roll number 11721)
- Location:
- An Garrán, Co. na Gaillimhe
- Teachers: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Garán
- XML Page 0025
- XML “Ainmhithe Allta”
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ta ainmhidhthe allta thart fá'n áit seo. Tá coiníní, girrfhiadhthe, bruic, sionnaigh agus easóga in n-a gcomhnuidhe san áit seo. Tá go leór (sionnaigh) sionnach i n-Árd Fhraoigh agus déanann siad a lán díoghbhála. Téigheann daoine ar a dtóir uaireanta agus marbhuigheann said cuid aca. Tá teanga an t-sionnaigh go maith chun dealg do tharraingt amach. Is ainmhidhe beag í an easóg. Déanann sí a lán díoghbhála acht tá maitheas inntí freisin. Tá a lán sgéalta faoi díoghaltas na h-easóige. Aon lá amháin bhí fear ag siubhal go dtí an Ghaillimh. Chonaic sé frannchac agus easóg ag troid le chéile. Thug an fear buille do'n francach agus bhain an franncach greim ar a chois. Annsin chuaidh an fear abhaile agus an chéad lá eile ní raibh sé indon siubhal leis an pian a bhí i na chois. An oidhche sin rith an easóg isteach agus d'fhág sí duilleabhar de crann in aice leis. Chuir an fear an duilleabhar leis an áit i na chos a raibh an pian agus leighiseadh é.
- Tá go leor leighis ag na sean daoine thart fá'n dúthaigh seo. Tá áit i mBaile na Cloiche agus bhíodh naomh i na luighe ann gach oidhche agus bhíodh tinneas fiacla uirthí go minic agus dhá mbeadh tinneas fiacla ar duine agus dá gchodlóchadh an duine (ar) sin
san(continues on next page)