School: Garán (roll number 11721)
- Location:
- An Garrán, Co. na Gaillimhe
- Teachers: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Garán
- XML Page 0030
- XML “Ráthanna agus Liosanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá ráthanna agus liosanna go flúirseach san áit seo. Is féidir dul isteach i gceann amháin aca . Tá dhá sheomra ann. Tá sé déanta de chloich. Tá sé suidhthe sa Gharán. Tá sé go h-an dorcha istigh ann. Tá lios i mBaile na Manach agus Bearna Crádha a tugtar air. 'Sé an fáth go dtugtar an t-ainm sin air ná go raibh daoine ag troid ann fadó. Tá trí fallaí thart timcheall air agus tá siad déanta de chréafóig agus tá siad tuairim a's deich dtroighthe ar áirde. Deireann na daoine timcheall na h-áite seo go mbíonn sidheóga istigh ins na liosanna sin. Tá ceann eile i mBaile na Cúirte in aice le roilig. Deireann na daoine gur ins na liosanna sin do chomhnuidhe na daoine fadó. Tá go leór sgairighe istigh ins na liosanna sin. Tá trí liosanna ins an áit seo. Fuair na daoine go leór sleaghanna san lios atá i mBaile na Manach. Tá liosanna eile in aice le hÁrd Fraoigh agus tá crainnte ag fás thart timcheall (air) ortha. Deireann na daoine go raibh gunnaí ins na liosanna sin fadó.