Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)

Suíomh:
An Garrán, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0025

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0025

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Garán
  2. XML Leathanach 0025
  3. XML “Ainmhithe Allta”
  4. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ta ainmhidhthe allta thart fá'n áit seo. Tá coiníní, girrfhiadhthe, bruic, sionnaigh agus easóga in n-a gcomhnuidhe san áit seo. Tá go leór (sionnaigh) sionnach i n-Árd Fhraoigh agus déanann siad a lán díoghbhála. Téigheann daoine ar a dtóir uaireanta agus marbhuigheann said cuid aca. Tá teanga an t-sionnaigh go maith chun dealg do tharraingt amach. Is ainmhidhe beag í an easóg. Déanann sí a lán díoghbhála acht tá maitheas inntí freisin. Tá a lán sgéalta faoi díoghaltas na h-easóige. Aon lá amháin bhí fear ag siubhal go dtí an Ghaillimh. Chonaic sé frannchac agus easóg ag troid le chéile. Thug an fear buille do'n francach agus bhain an franncach greim ar a chois. Annsin chuaidh an fear abhaile agus an chéad lá eile ní raibh sé indon siubhal leis an pian a bhí i na chois. An oidhche sin rith an easóg isteach agus d'fhág sí duilleabhar de crann in aice leis. Chuir an fear an duilleabhar leis an áit i na chos a raibh an pian agus leighiseadh é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge