Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)

Suíomh:
An Garrán, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0120

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0120

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Garán
  2. XML Leathanach 0120
  3. XML “Naomh Pátrúin an Cheantair seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 'Sé Naomh Cáimín naomh patrún an cheanntair seo. Bhí cill ag Naomh Cáimín agus bhí an chill suidhthe i n-aice leis an roilig atá san áit ar a dtugtar Cill Cáimín air anois. Tá foirgnidhthe an chill le feiscint go fóill. Leighis Naomh Cáimín go leór daoine agus bhíodh sé ag freastail ar dhaoine a bhíodh breóidhte i gcomhnuidhe . Bhí Naomh Cáimín go h-an cinéalta ar na bochtaibh. Leighis sé duine darbh ainm dí Maighréíd Ní Fhathaigh. Bhí cos tinn aici agus dubhairt Naomh Cáimín cúpla paidir agus leighis sé í agus bhí an chos chómh maith agus a bhí sé ariamh roimhe sin. Bhí lámh breóidhte ag duine eile freisin agus leighis Naomh Cáimín é agus deireann na daoine atá i na gcomhnuidhe san cheanntar seo gur leighiseadh lámh an duine sin go h-an tapaidh. Tá falla tart timcheall ar Thobar Cháimín agus fághann na daoine atá i n-a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge