Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)

Suíomh:
Treankeel, Co. Donegal
Múinteoir:
Peadar Mac Gaoithín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1104, Leathanach 191

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1104, Leathanach 191

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Trian Caol
  2. XML Leathanach 191
  3. XML “Briseadh Scarbhaidh na Soilse”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Briseadh Sgarbhaidh na Soillse.
    Indiaidh bháis Eoghain Ruaidh toghadh an Easboc Mac Mathghuin mar árd cheannphort ar arm na nGaedheal. Ní rabh an t-Easboc i bhfad mar árd cheannport go rabh 5,000 saighdiur agus 900 lucht gearron faoi na chuid orduighthe. Suid as nach rabh moran céile aige da gnoithe cogaidh bhí fir faoi mar Fearghail agus Einri Mac Eoghain Ruaidh a bhí i n-inibh an sluagh mór seo a stúireadh. Thug Iarlaí Oirmhumhain agus Cloinnricard isteach cuideadh leis. Chuir siad cómhairle air an t-arm a thabhairt go Tír Chonaill cionnus go mbéadh na sleibhte agus na coillte ní b'foirtinidhe le cogadh fada iomchur 'un tosuigh. Gheall siad sluagh mór fear a chuir chuige as Connachta agus le na chois sin tréan gunnaí móra agus bídh. Cuir an t-Easboc a muinghin ins an gealltanas seo agus d'fág sé Muineachan agus thug sé a chuid airm fhad le Achadh an da Choradh (Charlemont) i gConndae Thír Eoghain. Ba é an rún a bhí aige an bealach a chonnailt fosgailte de'n chabhair a bhí le teacht as Connachta.
    An uair seo bhí Coote agus a sluagh i nDoire agus bhí Venables agus a chuid airm i
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Gaoithin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Peadar Mac Gaoithin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Breenagh, Co. Donegal