Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)

Suíomh:
Treankeel, Co. Donegal
Múinteoir:
Peadar Mac Gaoithín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1104, Leathanach 190

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1104, Leathanach 190

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Trian Caol
  2. XML Leathanach 190
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    siad ag cainnt. An fear a mharbhughadh agus an fear a mharbh é do bhí ann. Leabhair duine acu leis, agus dubhairt sé nar cheart do bheith astoigh annsin. Annsin d'iarr sé ar an fhear éile an fear a bhí san leabaidh a iomchar amach agus é fhághailt [!] taobh amuigh de'n dorais.
    Nuair a tháinig an cailin aimsire thart ar maidin chonnaic sí an fear in a shuidhe taobh amuigh den dorais agus an planncead thart air agus é in a chodladh.
    Tháinig an sagart an lá sin, agus chuir sé na taidhbhsidhe isteach i mbuideal agus thug sé é don ghasur lé é a chaitheamh isteach san abhainn. Chaith an gasur an buideal faoi'n droichead. Phlaosc an buideal, agus séideadh suas an droichead.
    Ni fhaca aon duine taibhsidhe ins an teach on lá sin go dtí an lá indiu.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Nic Daibhéid
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Nabla Níc Gaothin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Breenagh, Co. Donegal