Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)
- Suíomh:
- Treankeel, Co. Donegal
- Múinteoir: Peadar Mac Gaoithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Trian Caol
- XML Leathanach 174
- XML “Scéal”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal.
Chuaidh fear as an áit seo go America aon uair amháin Sal ma imthigh sé ni rabh sé abalta rud ar bith a léigheamh, ach nuair a tháinig sé arais chuir sé i gceill go rabh sé abalta léigheamh Cheannuigh sé paipear achan lá, agus d'innis sé do na daoine fa na rudai uathbhasach a chonnaic sé ins na paipear.
Lá amháin nuair a bhí sé ag léigheamh an paipeair tháinig fear éile isteach. D'amharc sé ar an phaipear agus chonnaic sé pioctuir fhir. Thug sé fa dear go rabh sé bun os cionn. "Tá tú ag léigheamh an paipear sin bun os cionn" ars' an fear seo. "Tá fios agam" ars an fear a tháinig as America, "ach thig le duine ar bi[th] é a léigheamh an bealach éile."- Bailitheoir
- Brighid Nic Daibhéid
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Sean Mac Daibhéid
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tullyhonour, Co. Donegal
(gan teideal)
“Chuaidh Tómas Breathnach suas 'na portaigh lá amháin agus chróig sé an mhóin.”
Chuaidh Tómas Breathnach suas 'na phortaigh lá amháin agus chróig sé an mhóin. Chuir sé a theaghlach suas an lá thar na mharaach ag amharc ar na ba. Thug siad an t-asal leo agus thoisigh siad ag marcuidheacht fríd an mhónaidh. Ní rabh fhios ag Tómas caidé bhí da gcoinneal agus chuaidh sé suas. Bhí fearg air agus dubhairt sé go ndíolfadh sé an t-asal ar an aonach an lá thar na marach.
Bhí Séumas Cinneidi na chómhnuidhe ar na Gleanntaí agus bhí asal aige fosta. An lá ceudna ríth a asal ar shiubhail agus dubhairt seisean nach mbéadh sé buadhartha leis agus go ndíolfadh sé é ar an aonach an lá thar na mharach. Tháinig sé agus chaith sé an oidhche i dtoigh Thomais. D'éirigh an bheirt acu ar maidin agus d'imthigh siad 'u[n](leanann ar an chéad leathanach eile)