Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)

Suíomh:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Múinteoirí:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 247

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 247

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chasáin
  2. XML Leathanach 247
  3. XML “Lucht Siúil”
  4. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Toibreacha Beannuithe.
    Tá tóbar beannuigh amháin ins an Condae seo darbh ainm tobar an Dúin agus téigheann daoine ann go minic insan t-Samhraidh le guidhe. Téidheann daoine ann fosta le iad a léigheas. Téidheann daoine ann le uisge coisricthe a fhaghail. Fágann daoine rudaí na ndiaidh ag an tobar sin fosta. Bhí tobar ar an Chnoc Mhór agus gníodh na daoine usaid de le pianta cnamh a léigheas. Bhí ceann eile i lag na Coille agus dá rachaidh thart trí h-uaire fan tobar agus a ghabail isteach ann bheitheá léigheasta. Tá toibhreacha ann fá coinne daoine a léigheas ar ghalair croidhe. Bhí tobar thoir ar an Chorrach agus dá gcraicheá an t-uisge trí h-uaire ar dó ceann le tinneas cionn bheitheá léigheasta. Níl na toibreacha comh fairsing ins an Pharoiste sa’n am i lathair agus a bhí siad i bhfad ó soin. Bhí tóbar beannuithe i bpáirc le Seán Mac Giolla Bhrighde agus dá mbaintheá do chuid bróg duit agus do cuid cos a nighe ann le pianta cos léigheasfadh sé thú. Bhí ceann eile i Lag an Chaisil agus bhí sé maith le thú a leigheas ar dó croidhe.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Ní Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Dumhaigh, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Sean Mac Pháidín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Dumhaigh, Co. Donegal