School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
An Luinnigh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 491

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 491

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luinneach
  2. XML Page 491
  3. XML “Scéal - Connall Ó Baoighill agus na Daoine Beaga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Connall Ó Bhaoighill ina chonnuidhe ins na Rosaibh, agus oidhche dá raibh sé amuigh casadh sluagh sidhe air, agus iad ag dul suas go Connachta le cailín doigeamhail a bhí ann a thabhairt leo anuas go Dún - na - Séad mar ar chomhnuigh siad. Mar nac dtiocfadh leo an cailín a tabhairt leo gan duine saoghalta bheith ar mhuin an chapaill leithe, thug siad leo Connall suas.
    Chuir siad an cailín ar is, chúlaibh Chonall, agus phill sé na bhaile. Bhí a chluasa fosgailte ag Conall óir is breág an cailín í. Má tá taitneamh aige díthe, níl aige (díthe) ach fáinne a ghearradh daoithe, agus ní bheadh de chomhacht ag aonduine againne baint léithe.
    D'fan Conall go rabh sé ar ins na Rosaibh agus nuair a fuair sé faill air na daoine beaga geárr sí fáinne thart air féin agus ar a gcailín ach sul a rabh an fáinne deánta aige, bhfuil, buail duine de na daoine beaga an cailín le sloartín draoidheachtha agus d'fhág bodhar balbh aige í.
    An t-Samhain a bhí ann agus bhí sí annsin agus gan focal aicí go Samhain dar gcionn. Oidhche Shamhna d'imtigh Conall go Dún na Séad ag súil go gcluinfeadh sé rud éigin a léigheasfadh an cailín. Níorbh fhada ann é
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Pháidín
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    An Luinnigh, Co. Donegal
    Informant
    Caitlín Nic Gaoithín
    Gender
    Female
    Age
    45
    Address
    An Chorrmhín, Co. Donegal