Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann uair amháin agus fuair sí nóta punnta caillte agus chuaidh sí i n-aoinigh gur cheannaigh sí muc bheag. Ar theacht chun na bhaile díthe bhí claidhe le tastáil aici agus ní rachadh an mhuc niósfuide díthe. Annsin casadh madadh uirthi agus dubhairt sí, a mhadaidh, a mhadaidh bain greim as an mhuc agus cuir thar an chlaidhe dom í. Ní chuirfidh arsa an madadh. Annsin casadh bata uirthi agus d'iarr sí ar an bhata an mhuc a chuir thar an claidhe díthe. Ní chuirfidh arsa an bata.
Annsin chuaidh sí giota eile agus chasadh teine uirthi, a theine, a theine dóigh an bata seo arsa sise. Ní dhóighfidh arsa an teine. Ní dóighfidh an teine an bata, agus ní cuirfidh an madadh an mhuc thar an chlaidhe, agus ní bhfuighidh mise na bhaile anocht. Annsin chuaidh sí giota eile agus chonnaic sí poll uisge agus d'iarr sí ar an uisge an teine a bhaitheadh. Ní bhaithfidh ars' an t-uisge. Ní bhaithfidh an t-uisge an teine agus ní dhóighfidh an teine an bata, ní buailfidh an bata an madadh agus ní chuirfidh an madadh an mhuc thar an chlaidhe agus ní bhfuighidh mise na bhaile anocht.
Annsin chasadh tarbh uirthi agus d'iarr sí ar an tarbh an uisge a ól, ní ólfaidh arsa 'n tarbh. Ní ólfaidh an tarbh an t-uisge, ní bhaithfidh an tuisce an teine, ní dhóighfidh an teine an bata, ní buailfidh an bata an madadh, agus ní cuirfidh an madadh an mhuc thar an chlaidhe agus ní bhfuighidh mise na bhaile anocht. Annsin casadh buistéir uirthi agus d'iarr sí air an tarbh a mharbhadh. Ní marbhochaidh arsa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Nic Ghaothin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chorrmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Toirdealbhach Mac Gaothin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Chorrmhín, Co. Dhún na nGall