Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luinneach
- XML Leathanach 413
- XML “An Fear a Thit ina Chodladh sa Chnoc”
- XML “Na Trí Sheirbhíseach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bith ann acht cloch amháin a bhí i n-áit an toigh agus d'imthigh sé leis i mbéal a chinn.
- Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí seirbhiseach a dhith ortha. Bhí triúr girrseach ag cuartughadh oibre, agus tháinig siad go dtí an teach. Ní rabh fhios aca cia aca bean a choinneochadh siad.
Nuair a bhí siad ag tarraingt ar an teach. Dubhairt an fear go rabh fhios aige cia aca bean a choinneochadh sé. Chaith sé scuab ar an t-sráid ag taobh an dorais, agus chuaidh sé isteach, agus d'amharc sé amach ar an fhuinneoig.
Tháinig an chéad ghirrseach acus chaith sí an sguab ar shiubhal. Dubhairt an fear nach ndéanfadh sí sin gnoithe, nó go mbeadh sí fallsa. Tháinig an dara bean agus léim sí trasna an sguaib. Dubhairt an fear nach ndéanfadh sí sin gnoithe, go léimfeadh sí thar a cuid oibre.
Tháinig an tríomhadh bean agus thóg sí an sguab agus d'fág sí i gcoirnéal go cúramach í. Dubhairt an fear gur sin an bhean a choinneochadh siad, agus choinnigh siad í.- Bailitheoir
- Caitlín Nic Ghiolla Chomhghaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Sighle Nic Garbhaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall