Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 434

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 434

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 434
  3. XML “Scéal - Seán Dick agus an Diabhal”
  4. XML “Scéal - An Fear a Chuaigh a Dhíol an Beathach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ní rabh i bhfad go bhfuair Seón bás agus chuaidh sé suas go dtí geaftaí an Fhlaithis. Bhí Naomh Peadar ann roimhe.
    Dubhairt Peadar go gcaithfeagh sé a dhul síos no nach bhfuigheadh sé isteach. D'imthigh Seón síos ach ní leigfeadh na diabhail síos é. Annsin chuir Naomh Peadar pionus air go gcaithfeadh sé sapóg a bhíodh ar theine a bheith leis go deireadh an tsaoghail. Sin Liam na sapóige.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear ina chomhnuidhe i Machaire-Rabhartaigh agus ní rabh de mhaoin shaoghalta aige acht sean bheathach bán. Lá amháin chuaidh sé chun an aonaigh a dhíol an bheathaigh. Bhí sé ar an aonach ó mhaidin go h-oidhche agus ní chuir aon duine ceist air cá rabh sé ag dul leis.
    Ag teacht 'na' bhaile do d'ól sé a sháith agus chaill sé an beathach. Ar maidin lá thar na bhárach chuaidh sé a chuartughadh an bheataigh agus fuair sé na luighe ar thaobh an bhealaigh mhóir marbh é. Bhain sé an croiceann do agus chuir sé ar an taobh istoigh dé na chirteach [?] é agus dimthigh sé.
    Casadh torradh air agus chuaidh sé go dtí an roilig leis. Indiaidh an corp a chur thoisigheadh ar a chaitheadh na cloiche [?]. Bhí an fear seo níos feárr no aon duine aca. Annsin diarr an cuid eile air an ceann a ba mhó a thiocfadh leis a chaitheamh. Bhí sean bean ag urnaighe ar uaidh an corp a cuireadh agus bhuail an í [?] agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    12
    Seoladh
    An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    42
    Seoladh
    An Luinnigh, Co. Dhún na nGall