Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Lánúin Bhocht

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 407

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí fear agus bean ann uair amháin agus bhí siad iongantach bocht. Chuirfeadh an fear airgead i dtaisgidh i gcomhnaidhe fá choinne na coise tinne. Chuaidh an fear amach lá amháin agus tháinig fear bocht isteach. Shíl an bhean gurbh é seo an fear 'na rabh airgead na coise tinne fá na choinne agus thug sí dó é.
Nuair a tháinig a fear 'na bhaile an oidhche sin d'innis sí dó go dtáinig an fear úd indiu. Chuir seisean ceist cerbh é an fear. Dubhairt sise gurbh é an fear 'na rabh airgead na coise tinne fá na choinne agus go dtug sí an t-airgead dó. Bhí fearg mhór air nuair a chuala sé seo. Dubhairt an bhean go gcaithfeadh siad an bhó a mharbhadh, agus an fheoil a shnáthadh leis an chál a bhí ins an gharrdhadh.
Mharbhuigh siad an bhó agus chuir seisean giota feola ar gach ceairthlín cháil. Nuair a tháinig maidean lá thar na bhárach bhí an fheoil uilig ar shiubhal leis na madaidh agus cait a bhí san áit.
Dubhairt an bhean annsin nach rabh níos fearr le déanamh ná dul amach a chruinniughadh. Nuair a bhí siad ag imtheacht d'iarr an bhean ar an fhear an doras a tharraingt amach 'na dhiaidh. Nuair a chuaidh sí giota fada b'fhada léithe gan a fear a bheith ag tarraingt suas léithe, agus ar amharc thart dhí chonnaic sí é ag teacht agus an chomhla leis ar a dhruim. Nuair a chonnaic

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Treasa Ní Cholla
Inscne
baineann
Seoladh
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Brighid Nic Giolla Chomhghaill
Inscne
baineann
Seoladh
An tArd Donn, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge