Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Ghréasuidhe agus a bheirt ingeanach.Bhí gréasuidhe ann fad ó shoin, agus bhí beirt ingheanach aige. Bhí bean aca a bhí iongantach millte, agus fallsa, agus ní deánfadh sí dath ar bith, agus bhí an t-athair iongantach olc de’n bhean eile.
Lá amháin cuir sé amach a chruinnuighadh sméar dubh, agus bhí an lá iongantach fuar. Nuair a bhí na sméara uilig cruinnighe aicí, casadh teach uirtí, agus chuaidh sí isteach ann. Bhí trúir fear na shuidhe thart ar an teine. Is cosamhal go rabh an ghirrseach seo iongantach gránda. Dubhairt na fir léithe go rabh trí nídh aicí le deánamh agus mar ndeánfadh sí go bfásfad féasóg uirtí comh fada le gabhar. D’iarr an chead fhear uirtí an t-urlár a sguabadh agus rinne sí sin, d’iarr an dara fear uitrtí na soithig a nighe agus rinne sí sin, d’iarr an triochamh fear uirtí pota uisge a chuir ar an teine, agus rinne sí sin.
Dubhairt siad léithe go mbéadh sí ar chailín comh deas (as) is bhead ar an domhan. Annsin d’imthigh sí chun an bhaile, agus bhí na sméara léithe. Nuair a bhí sí ag tarraingt ar an bhaile, bhí an bhean eile amuigh ins an doras, agus (níor) ní mó nó gur(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Nic Aodhachain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Chorrmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Caitlín Nic Aodhachain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Chorrmhín, Co. Dhún na nGall