Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 541

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 541

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 541
  3. XML “Scéal - An Bheirt Fhear”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal an bheirt fhear.
    Bhí beirt fhear ann am amháin dar b’ainm dhaobhta Brian agus Seán. Bhí siad iongantach bocht agus lá amháin dubhairt Brian go gcaithfeadh sé imeacht ar fóstach. Nuair a bhí sé ag imteacht thug sé leis sgin agus sáith sé síos ins an talamh í agus dubhairt sé má bhíonn an sgin dearg (go) béidh rud éigeann oramsa.
    Dimtigh sé agus thug leis cú neimhe seoc sealaidh agus clibistín ruadh. Dimthigh sé an chead teach a dtáinig sé go dtí teach Cuchulainn fuair sé loistín annsi go maidin.
    Ar maidín fuair sé a bhreicfeasta agus d’imthigh sé síos go dtí an tráigh agus chonnaic sé oileán i bhfad uadh.
    D’imthigh sé isteach ar bhád go dtí an toileán agus chonnaic sé teach mór chuaidh sé fad leis an (oileán) teach agus bhí cailín deas ann.
    Rinn sí réidh biadh (dó) dó agus nuair a bhí Brian réidh. D’innis an cailín dó go rabh fach mór ins an teach seo agus go ndíosfadh sé duine ar bith a bheadh istoigh.
    Dubhairt Brian gur chuma go rachadh sé a luigh ins an bhocsa. Chuaidh ní rabh sé i bhfad na luigh gur mothuigh sé tormán ag teacht an fáth a bhí ann agus nuair a tháinig sé isteach dhubhairt sé mothuigheann mé boladh Éireannach. Dubhairt (sise) sise nach Éireannach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Cholla
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Charraig, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seosamh O Colla
    Inscne
    Fireann
    Aois
    40
    Seoladh
    An Charraig, Co. Dhún na nGall