Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- “An Riogh agus trúir mac”.Bhí Riogh ann aon uair amháin, agus bhí trúir mac aige. Bhí beirt aca iongantach cliste, acht bhí an fear eile aca amaideach. Bhí an Rí seo tinn, agus ní rabh rud ar bith le biseach a dheanamh dó, acht an t-ubhaill á gheobadh sé ins an gharradh ins an domhan thoir.
D’imthigh an trúir aca, lá amháin bealach daobhtha féin, agus shíl an bheirt cliste nach bhfuighidh an fear a amaideach, an t-ubhall. D’imthigh an fera amaideach, agus ní rabh sé i bhfad, go dtáinig sé fhad le teach, agus chuaidh sé isteach.
Bhí seandhuine astoigh, agus bhí sé céad bliadhain de aois. Chuir seisean ceist air goidé a bhí sé a iarraidh, dubhairt an fear amaideach, go rabh sé a iarraidh an t-ubhal a bhí ins an domhan thoir.
Dubhairt an sean dhuine nach chuala sé ariamh acht go rabh dearbhrathair aige ata dhá chead bliadhain, agus d’iarr sé air imtheacht. D’imthigh sé, agus ní rabh sé i bhfad gur shroich sé, an teach ceart. Isteach ins an doras dó chuir sé ceist ar an fhear, an rabh fhios aige cá rabh an domhan thoir.
Dubhairt seisean nach rabh fhios aige nár chuala sé ariamh. Tá gé shuas annsin agam agus tá fhios aige, ach an ceineál, agus beidh fhios aige(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Baoighill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Maighread Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 41
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall