Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéal - An Dá Shaighdiúir

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 438

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Sgéal An Dhá Shaighdiúir
Treasa Ní Coll - Luinneach - Doirí Beaga aois 13
Bríghid Ní Giolla Chomhghaill - Ard Donn - Gaoth Dobhar
3.2.38 aois 63 bl
Bí dhá shaighdiúir bochta ag teacht na bhaile
tráthnóna amháin agus luighe siad síos i
gcoilleabh le na sgíste a seánamh. I lár
na h-oíche tháinig fear beag fhad
leobhtha agus mhusgail sé iad. Thug sé sparán
draoidheachta dón chead fear agus is
cuma caidé méid airgid a bainfeadh
sé amach bheadh sé i gcomhnide lán.
Thug sé clóca draoicheadchta don darna
fear agus rud ar bith a d'iarrfadh sé
gheobhadh sé é. Bhí dóigh bhreá orhtu ar feadh
tamall fada ach d'éirigh siad tuirseach
ag siubhal thart o. D'iarr an fear a rabh
an clóca aige caisleán. Roimhe bhomaite bhí
caisleán acu agus bhí siad ionngantach bródamhal
as agus bhí siad. Thug siad cuireadh dóhn Rígh agus dóhn bainríoghain a theacht ag féasta acu.
Nuair a cualaidh an bainríoghan go rabh sparán agus clóca draidheachta acu rinne sí suas a h-intinn go bhfuigheadh sí iad. Nuair a bhí siad na gcodladh thug sí léithe iad. Nuair a mhusgail siad lá thar na bhárach ní rabh an sparán nó an clóca le (fagháil) faighil aca. D'éirigh siad iongantach ó sin suas.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Treasa Ní Cholla
Inscne
baineann
Aois
13
Seoladh
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Bríghid Ní Giolla Chomhgaill
Inscne
baineann
Aois
63
Seoladh
An tArd Donn, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge