Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 422

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 422

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 422
  3. XML “Scéal - An Capall Bán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear agus bean ann agus bhí capall aca acht bhí sé iongantach aosta agus ní rabh sé ábalta obair ar bith a dhéanamh agus bhí eagla ortha nach bhfuigheadh siad oirid airgead air as ceannochadh capall eile daobhtha. Bhí an fearr iongantach rógánta agus bhí eagla ar an bhean go nimireochadh sé feall agus go mbéidir go bhfuigheadh siad isteach i dtrioblóid fá dtaobh de.
    Chuaidh sé chun an aonaigh leis. Tháinig fear go dtí é agus thairg sé punnta dó, dubhairt seisean nach ndíolfadh sé é go bhfuigheadh se trí scór punnta air na go bhfuil a shaidhbhreas déanta aige air agus go gcruthóchadh sé sin dó. Chuir sé isteach i stábla é agus gach uair a bhéarfadh sé coirce dó braitlín gheal a chur faoin tubán agus go rachaidh an coirce le anál an chapaill agus go rachadh sé a chur amach airgid.
    Ligfidh muid dó anois leath uair agus nuair a philleas muid siad ar ais, beidh airgead amuigh aige, agus leag siad dó agus nuair a tháinig siad ar ais bhí trí leath-choróin ag maighistir an chapaill ina dhorn. Leig sé air féin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhuibhir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Colla
    Inscne
    Fireann
    Aois
    83
    Seoladh
    Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall