Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Connall Ó Bhaoighill ina chonnuidhe ins na Rosaibh, agus oidhche dá raibh sé amuigh casadh sluagh sidhe air, agus iad ag dul suas go Connachta le cailín doigeamhail a bhí ann a thabhairt leo anuas go Dún - na - Séad mar ar chomhnuigh siad. Mar nac dtiocfadh leo an cailín a tabhairt leo gan duine saoghalta bheith ar mhuin an chapaill leithe, thug siad leo Connall suas.
Chuir siad an cailín ar is, chúlaibh Chonall, agus phill sé na bhaile. Bhí a chluasa fosgailte ag Conall óir is breág an cailín í. Má tá taitneamh aige díthe, níl aige (díthe) ach fáinne a ghearradh daoithe, agus ní bheadh de chomhacht ag aonduine againne baint léithe.
D'fan Conall go rabh sé ar ins na Rosaibh agus nuair a fuair sé faill air na daoine beaga geárr sí fáinne thart air féin agus ar a gcailín ach sul a rabh an fáinne deánta aige, bhfuil, buail duine de na daoine beaga an cailín le sloartín draoidheachtha agus d'fhág bodhar balbh aige í.
An t-Samhain a bhí ann agus bhí sí annsin agus gan focal aicí go Samhain dar gcionn. Oidhche Shamhna d'imtigh Conall go Dún na Séad ag súil go gcluinfeadh sé rud éigin a léigheasfadh an cailín. Níorbh fhada ann é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Pháidín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Caitlín Nic Gaoithín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Chorrmhín, Co. Dhún na nGall