School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
An Luinnigh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 460

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 460

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luinneach
  2. XML Page 460
  3. XML “Scéal - Na Triúr Iníonach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal Na triúr ingheanacha.
    Bhí bean ann fad ó shoin agus bhí triúr ingheanacha aicí. Bhí siad ag imtheacht leobhtha fríd an tsaoghal. Chuir a mathair ceist ar an chead inghean cé aca b’fhearr leithe trí bhunnóg mhóra agus a mallacht nó bunnóg bheag agus a beannacht.
    Dubhairt sise gur b’fhearr leithe trí bhunnóg mhóra agus a mallacht. Thug a mathair seo dithe agus d’imthigh sí agus tháinig sí fad le tobar. Ní rabh sí i bhfad go dtáinig madadh fhad leithe agus d’iarr sé cuid dé’n aran uirtí acht ní thabharfadh sise do é. Annsin tháinig bean fhad leithe agus cuir sí ceist uirtí goidé bhí sí iarraidh.
    Dubhairt sise gur fastodh agus fuair sí (fuair) fastódh ag an bhean seo. D’iarr sí uirtí dhul fríd ná seomraí, uilig acht seomra amháin Ór a bhí ins an t-seomra seo.
    Nuiar a bhí sí tamall ann, bhris sí isteach sa t-seomra, agus thug sí léithe (an) mála óir. Fuair bean an toighe greim uirtí, agus bhain sí an t-ór, dithe, agus chuir sí ar shiubhal í, agus bhí droch dóigh uirthi.
    Bhí an dara inghean ag imtheacht agus chuir an mhathair ceist uirthí, cia aca b’fhearr leithe, trí bhunnóg agus a mallacht ná bunnóg bheag agus a beannacht. Dubhairt sise gur b’fhearr leithe trí bhunnóg mhóra agus a mallacht.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    An Luinnigh, Co. Donegal
    Informant
    Máire Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Age
    64
    Address
    An Luinnigh, Co. Donegal