School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
Lunniagh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill

Filter stories

Back
/ 566 Forward
Resolution: Low | High
Luinneach | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 513

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

An gasur amaideach.

Bhí gasur ag faoistín lá amáin agus nuair a bhí deireadh a chuid peacaid inniste aige do’na sagart cuir siad ceist air an rabh a dhath eíle aige le innse.
Dubhairt an gasur go rabh ach go rabh eagla air go (ninnis) ninnsiughadh na sagairt air é. Dubhairt an sagairt go mbheadh sé peacamhail aige é a innse.
Dubhairt an gasúr go rabh nead aige a rabh trí huibhe uirti. Ar maidin lá thar mharach chuaidh an sagart ar an (Alte) Altóir agus rinne sé seanamóir fá daoibh de’n gasur a dubhairt go rabh nead aige a rabh trí huibhe uirti
Déirigh an gasúr anairdhe ar an tsuidheachán agus sgairt sé. “A ghiolla an bhéil mhóir bhíos agam go ninnseacha é.

“An fear a rabh Éirinn faoi féin”.

Bhí fear ann aon uair amháin, agus bhí Éirinn faoi féin. D’imthigh sé lá amháin, agus treabhaidh sé an talamh. Lá thar ná bhárach, chuir sé síol, agus nuair a tháinig an trathnóna, reath an síol gann air.
Bhí capall bán aige, agus thug sé leis é, agus d’imthigh. Nuair a tháinig sé go dtí an fhairrge, Chaith sé an capall trasna na fairrge

(continues on next page)
Collector
Caitlín Nic Ghiolla Chomhghaill
Gender
female
Age
15
Address
Lunniagh, Co. Donegal
Informant
Sighle Ní Dhochartaigh
Gender
female
Age
47
Address
Lunniagh, Co. Donegal
Language
Irish