School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
An Luinnigh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 461

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 461

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luinneach
  2. XML Page 461
  3. XML “Scéal - Na Triúr Iníonach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Thug an mhathair seo dithe agus d’imthigh sí agus tháinig sí fhad le tobar tháinig madadh fhad léithe agus d’iarr sé cuid de’n arán uirthí. Acht ní thabharfadh sise do é, annsin tháinig bean fhad leithe, agus chuir ceist uirthi goidé bhí sí iarraidh agus dubhairt sí gur fostadh.
    Fuair sí fostadh ag an bhean seo. Thug sí cead dithe dul fríd na seomraí uilig acht seomra amháin Ór a bhí sa t-seomra seo. Nuair a bhí sí tamall ann bhris sí isteach sa t-seomra agus thug sí leithe mála óir. Fuair bean an toighe greim uirtí agus chuir sí ar shiubhal í agus bhí droc doigh uirtí.
    Bhí an tríomhadh inghean ag imtheacht agus chuir a mathair ceist uirtí, cia aca b’fhearr leithe trí bhunnóg mhóra agus a mallcht nó bunnóg bheag agus a beannacht. Dubhairt sise gur b’fhearr leithe bunnóg bheag agus a beannacht. Thug a mathair seo dithe agus d’imthigh sí.
    Tháinig sí fhad le tobar ní rabh sí i bhfad annsin go dtáinig madadh fhad leithe agus d’iarr sé cuid dén aran uirtí agus thug sí go leor dó. Tamall ina dhiaidh sin tháinig bean fhad leithe agus cuir sí ceist uirtí goidé bhí sí iarraidh agus dubhairt sise gur fostadh. Thug an bhean fostadh dithe agus thug sí cead dithe dul fríd na seomraí uilig acht seomra amháin Ór a bhí sa t-seomra seo. Níor bhris sí seo isteach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    An Luinnigh, Co. Donegal
    Informant
    Máire Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Age
    64
    Address
    An Luinnigh, Co. Donegal