Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal Na triúr ingheanacha.Bhí bean ann fad ó shoin agus bhí triúr ingheanacha aicí. Bhí siad ag imtheacht leobhtha fríd an tsaoghal. Chuir a mathair ceist ar an chead inghean cé aca b’fhearr leithe trí bhunnóg mhóra agus a mallacht nó bunnóg bheag agus a beannacht.
Dubhairt sise gur b’fhearr leithe trí bhunnóg mhóra agus a mallacht. Thug a mathair seo dithe agus d’imthigh sí agus tháinig sí fad le tobar. Ní rabh sí i bhfad go dtáinig madadh fhad leithe agus d’iarr sé cuid dé’n aran uirtí acht ní thabharfadh sise do é. Annsin tháinig bean fhad leithe agus cuir sí ceist uirtí goidé bhí sí iarraidh.
Dubhairt sise gur fastodh agus fuair sí (fuair) fastódh ag an bhean seo. D’iarr sí uirtí dhul fríd ná seomraí, uilig acht seomra amháin Ór a bhí ins an t-seomra seo.
Nuiar a bhí sí tamall ann, bhris sí isteach sa t-seomra, agus thug sí léithe (an) mála óir. Fuair bean an toighe greim uirtí, agus bhain sí an t-ór, dithe, agus chuir sí ar shiubhal í, agus bhí droch dóigh uirthi.
Bhí an dara inghean ag imtheacht agus chuir an mhathair ceist uirthí, cia aca b’fhearr leithe, trí bhunnóg agus a mallacht ná bunnóg bheag agus a beannacht. Dubhairt sise gur b’fhearr leithe trí bhunnóg mhóra agus a mallacht.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 64
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall