Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí seirbhiseach a dhith ortha. Bhí triúr girrseach ag cuartughadh oibre, agus tháinig siad go dtí an teach. Ní rabh fhios aca cia aca bean a choinneochadh siad.
Nuair a bhí siad ag tarraingt ar an teach. Dubhairt an fear go rabh fhios aige cia aca bean a choinneochadh sé. Chaith sé scuab ar an t-sráid ag taobh an dorais, agus chuaidh sé isteach, agus d'amharc sé amach ar an fhuinneoig.
Tháinig an chéad ghirrseach acus chaith sí an sguab ar shiubhal. Dubhairt an fear nach ndéanfadh sí sin gnoithe, nó go mbeadh sí fallsa. Tháinig an dara bean agus léim sí trasna an sguaib. Dubhairt an fear nach ndéanfadh sí sin gnoithe, go léimfeadh sí thar a cuid oibre.
Tháinig an tríomhadh bean agus thóg sí an sguab agus d'fág sí i gcoirnéal go cúramach í. Dubhairt an fear gur sin an bhean a choinneochadh siad, agus choinnigh siad í.