Bhí fear ann i bhfad ó shoin, darbh ainm Domhnall Mhac na Baintreabhaige. Ní rabh sa teach aige ach a mháthair, agus bhí siad na gcomhnuidhe chois Gleann. Bhí sidheoga i mbinn sa ghleann. Oidhche Shamhna amháin dubhairt Domhnall le na Mháthair go rabh sé gabhail síos go bhfeiceadh sé cáidé bhí na daoine-beaga déanamh. Nuair a chuaidh sé annsin, bhí na daoine-beaga ag gabhail siar go Connachta, le cailín a fhuadach. Ní rabh siad abálta í a thabhairt leobhtha, ar an ádhbhar go rabh sí beannuighthe. Chuir siad ceist ar Dhomhnall an rachadh sé leobhta agus an ghiorsach a fhaghail dhaobhta. Dubhairt Domhnall go rachadh agus fáilte da bhfaghadh sé gléas marcaidheacht ar bith. Ní dhearn fear de na daoine-beaga acht buclán buidhe a tharraingt as an talamh agus rinne sé beathach de. D’imthigh siad ar chosa n-áirde agus ní thearn siad stad mara no mór chomhnuidhe go rabh siad i gConnachta. Nuair a chuaidh siad annsin bhí an ghiorsach amuigh sa bhoitheach ag blighe na bó. Chuaidh Domhnall isteach agus thug an ghiorsach amach, chuaidh sí suas ar a chulaibh agus tháinig aniar go dtí an bhinn. Nuair a tháinig shiad fhad leis an bhinn ní thabharfadh Domhnall an ghiorsach daobhtha, agus ní thearn fear de na daoine beaga acht a lámh a tharraingt agus bhuail frid an bhéal í, agus d’fág bodhar boladh í.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »