School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Na bhí fhios aige fhéin go mbhéadh na h-albanaigh ar a thóir. Nuair a bhí sin deánta aige chuaidh sé síos go dtí an doras. Chonnaic sé an gárda annsin agus é ‘na chodladh. Phill sé arais fa choinne a claidheamh agus anuas arais leis. Mhothuigh an gárda an tormán, agus thug iarraidh bheith de léim ‘na sheasamh ach súl a rabh uain aige seo a deánamh bhí a cheann slat o na cholainn.
Ar mharbhadh an ghárda do thug sé leis é agus chaith piosa maith on teach é. Annsin phill sé isteach chuir síos teine agus rinne réidh a bhricfeasta. Nuair a bhí sé caithte aige d’fág sé slán ag n-a Mhaighistir, agus ag n-a Mhaighistreas, agus d’imthigh.
Nuair a bhí sé tamhall ar siubhail ghlac cumhaidh an Mhaighistreas, Nó smaoitigh sí leí fhéin. Indiaidh é thógail mar a mac fhéin gur bhocht an díle é leigint ar shiubhal le na chailleadh, gan uchtach na tárrtháil ‘thabhairt dó. Chuaidh sí go dtí an doras agus sgairt sí air. Ní chuala sé í. Sgairt sí an dara h-uair Ní cuala sé í. Sgairt sí an tríomadh h-uair chomh mór as bí ‘na chloigeann. Cualasé í agus thionntuigh thart.
Comharthaigh sí dó teacht isteach chuicí tamhall, agus tharraing sé ar an teach arís. Nuair a tháinig sé isteach d’fhiafruigh sí de cia’n áit a rabh sé ag dul. Dubhairt sé nach raibh fhios aige acht go gcaithfeadh sé imtheacht ‘ar scor ar bith. Dubhairt sí leis dul soir ó thuaidh(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Informant
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín Doire Thoirc, Co. Donegal