Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)

Suíomh:
An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Doiminic Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 24

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 24

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Leathanach 24
  3. XML “An Gasúr Gaelach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Na bhí fhios aige fhéin go mbhéadh na h-albanaigh ar a thóir. Nuair a bhí sin deánta aige chuaidh sé síos go dtí an doras. Chonnaic sé an gárda annsin agus é ‘na chodladh. Phill sé arais fa choinne a claidheamh agus anuas arais leis. Mhothuigh an gárda an tormán, agus thug iarraidh bheith de léim ‘na sheasamh ach súl a rabh uain aige seo a deánamh bhí a cheann slat o na cholainn.
    Ar mharbhadh an ghárda do thug sé leis é agus chaith piosa maith on teach é. Annsin phill sé isteach chuir síos teine agus rinne réidh a bhricfeasta. Nuair a bhí sé caithte aige d’fág sé slán ag n-a Mhaighistir, agus ag n-a Mhaighistreas, agus d’imthigh.
    Nuair a bhí sé tamhall ar siubhail ghlac cumhaidh an Mhaighistreas, Nó smaoitigh sí leí fhéin. Indiaidh é thógail mar a mac fhéin gur bhocht an díle é leigint ar shiubhal le na chailleadh, gan uchtach na tárrtháil ‘thabhairt dó. Chuaidh sí go dtí an doras agus sgairt sí air. Ní chuala sé í. Sgairt sí an dara h-uair Ní cuala sé í. Sgairt sí an tríomadh h-uair chomh mór as bí ‘na chloigeann. Cualasé í agus thionntuigh thart.
    Comharthaigh sí dó teacht isteach chuicí tamhall, agus tharraing sé ar an teach arís. Nuair a tháinig sé isteach d’fhiafruigh sí de cia’n áit a rabh sé ag dul. Dubhairt sé nach raibh fhios aige acht go gcaithfeadh sé imtheacht ‘ar scor ar bith. Dubhairt sí leis dul soir ó thuaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    41
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Mín Doire Thoirc, Co. Dhún na nGall