Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go mbainfeadh sé doire amach, agus go rabh sí cinnte go bhfhuigheadh sé long annsin, agus é imtheacht as an tír. “Na” ar sise “Ní bhfguighidh tú suaimneas ar bith inntí, mar tá na h-albanaigh ar dó thóir, agus tá rún acu tú mharbhadh, nuair a geobhas siad greim ort” Thug sí lón bídh do annsin agus sparán mhaith oir agus d’imthigh sé leis. Nuair a bhí an ghrian ag dul faoi an oidhche sin shrois sé doire.
Níor mhaith leis é fhéin a thaisbheant go soilear i ndoire, ar eagla go mbéadh duine ar bith ann a bhí ‘sa teach an oidhche a mharbh sé na h-albanaigh agus go n-aithneochadh siad é.
Ar an adhbhair seo chuaidh sé síos ceann dé na Cúl-shráideannaibh ag bhuail ag doras toighe Tháinig fear amach agus d’fiafruigh de caidé bhí a dith air.
Dubhairt an stócach gur deoraidhe a bhí ann, gan athair, gan mathair, go rabh loistín na h-oidhche a d’ith air, agus go ndíólfaidh sé ar a son. D’iarr an fear air theacht isteach cinnte agus go bhfhuigheadh sé loistín gan dadaidh. Tháinig sé isteach agus rinneadh réidh greim bídh do. Nuair a bhí an bídh caithte aige, shuidh sé cois na teineadh ag comhradh le fear a toighe agus le n-a bhean go raibh am-luighe ann. Annsin chuaidh an teaglach ar a nglúna leis an phaidrín a rádh. Tháinig a shaith iontais ar an stócach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín Doire Thoirc, Co. Dhún na nGall