Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nuair a chonnaic sé seo. Mar shaoil sé gur albanaigh uilig a bhí i nDoire ach bhí fhios aige anois narbh ‘ead. Chuaidh sé ar a ghlúna in-a gcuideachta agus dubhairt deichneabhar.
Nuair a bhí an paidrín thart chuaidh na páistí a luighe. Agus annsin d’fhiafruigh fear a toighe de’n stócach an mbéadh dochair dó seanchuis a chur carbh’as a dtháinic sé, no ca rabh a thríall. D’fhreagair an stócach é nach rabh, agus d’innis sé iomlán an scéil do ó tús go deireadh Mar tá innsiste agamsa díbh-se.
“Tchídhm” arsa fear a tighe” Tá rud maith, no droch rud romat acht tá súil agam gur rud maith é. Gabh a luighe anois agus musgleóchaidh mise ar maidín tú i n-am le bheith leis an t-soitheach” Chuaidh an stócach suas ‘un t-seomra chaith é fhéin ar a ghlúna agus thug buidheachas do Dia gur sheol sé ar bhealach a leasa é. Annsin bhain sé dé a chirteacha agus chuaidh a chodladh.
Ar maidín lá thar na bhárach sgairt fear a’ toighe leis an stócach bheith ‘na shuidhe, nac rabh acht Uair go n-imthigheadh an long. Ní rabh an stócach a bhfhad ag cur air agus indiaidh a bhricfeasta a deánamh chuaidh sé fhéin agus fear a tighe síos na céidhe. Dhíol an fear a phassaid agus d’fan sé ar an chéidh go rabh an long as amarc. Annsin phill se na bhaile. Nuair a chuaidh an stócach ar bhord na luinge ‘sé an chead rud a rinne sé dhul chuig an Chaptaon go bhfhuigheadh sé aniach, go cia’n tír a rabh a dthríall agus cia(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín Doire Thoirc, Co. Dhún na nGall