Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chlaidheamh do, agus d’fhág báidhte ‘na chuid fola é. Rith an fhear leónta síos, ach nuair a bhí sé ag teacht anuas ar dhoras an t-seómra thuit sé mullach a chinn - maol marbh.
“Bhí fhios agam gur cladhaire a bhí ionnat” arsa albanach mór eile nuair nach rabh tú ábalta an gasúr sin a mharbhadh. Rith seisean suas agus a chlaidheamh nochtuighthe aige. Shaol sé go rabh an gasúr sa leabaidh. Ach nuair a chuaidh sé suas ar an doras bhain an gasúr an ceann de le buille amháin agus thuit a cholann i mullach an fhir eile. Bhí an thríomhadh fear ag dul suas ach ní leigfeadh an Ceannphort dó. “Fág annsin é” ar seisean, mairbhfimíd doigh níos sásta é. Cuirfidh mé go Beál-Feirsde amáireach fá choinne gunnaí, agus annsin ní bhéidhmhíd i bhfad ‘cur deireadh leis.
D’imthigh siad annsin ach d’fág siad fear ar gárda ag doras an t-seómra agus claidheamh nochtuighthe aige. Sgríobh an cheannphort go Beál Feirsde fá choinne na ngunnaí, agus i gcionn cupla lá tháinig leith-chéad gunnaí chuige, agus órdú leis an ghasúr a sgaoileadh agus annsin ceathramhnaí a deánamh de agus iad a chur ar spící mar shompla ag na gaedhil eile, an rud a gheobhadh siad da leagadh siad lámh ar albanach.
Acht lá thar na bhárach, indiaidh an dá albanach a marbhuigheadh, d’éirigh an ghasúr le breacadh an lae, agus chuir a chirteach air. Annsin chuaidh sé ar a ghlúna, agus ghuidh-se Dia e a shabhail ó chuile dháinsear.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín Doire Thoirc, Co. Dhún na nGall