School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
Dunglow, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh

Filter stories

Back
/ 161 Forward
Resolution: Low | High
Na Sióga agus na Glasáin

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 121

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí beirt fear ann aon uair amáin agus bhí siad amuigh ag iasgaireacht. Nuair a bhí tamall amuigh fuair siad cupla duisín glaisain. Bhí an oidhe ag titim agus thug siad a n-aghaidh ar an bhaile. Cualaidh siad ceol deas binn agus thionntuigh siad thart. "O" arsa amháin "caidé sin" le sin rith cupla sidheog amach as faoi chloch mhór a bhí ann. "Tabhair dúinn cuid den iasg sin" arsa na sídeogaí. "Maise ní thabhairfidh tá siad gann go leor againn fhéin." "B'féidir gur cheart dúinn cupla ceann a thabhairt daobhta nó b'féidir gur rud eiginteacht a thiocfad ar an bhealach na bhaile."
Chaith na fir cupla glasain isteach ins an bhéal ar na sidheoga. Coinnigh iad anois arsa na sidheoga nuair nár thug tú dúinn iad le croidhe mhór mhaith agus an díolaidheacht a thug siad do bhia, na a dhá oiread glasain is chaith siad chuca, tháinig, tháinig sin thart fa na cluasa orthu. Ní rabh deifir ar na fir teacht an bealach sin arís. Is iomdha áit thart fa'n chósta seo, agus áiteanna eile fríd an tír.

Collector
Brighid Nic Suibhne
Gender
female
Age
16
Address
Dunglow, Co. Donegal
Informant
Séamus 'ac Suibhne
Relation
parent
Gender
male
Age
58
Address
Dunglow, Co. Donegal
Language
Irish