School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)le cur ar mó chosaibh nimhneacha”.
Chuaidh sé chuig an t-Im. “Caide tá dhíoghbhail ort” ars’n t-Im “Tá Im le cur ar cosa chain, con a ruaigeas fiadh, fiadh a léimfeas thar uisge, uisge a fhluichfas cloch, cloch a chuirfeas faobhair ar sgin, sgian a ghearrfas slat, slat slat a sgiúirfas druim Mhurchaidh Bhig a d’ith mó chuid sughcraobh indé”.
“Ní bhfuigh tú mise” ars’n t-Im “go bhfagha tú luchóg a lighfheas, mé”.
Chuaidh sé chúig an luchóg, “Caidé tá dhíoghbail ort ars’n luchóg”, “Tá luchóg a lighfeas Im, Im le chur ar chosa coin, con a ruaigfeas fiadh, fiadh a léimfeas thar uisge, uisge a fhliuch cloch, cloch a chuirfeas faobhair ar sgian, sgian a ghearrfas slat, slat slat a sgiúirfas druim Mhurchadh Bhig a d’ith mó chuid sughcraobh indé
“Ní bhfuigh tú mise” ars’n lucóg go bhfágha tú cat a bheirfeas orm”.
Chuaidh sé chuig an chat. “Caide tá dhíoghbhail ort ars’n cat”, “Tá cat a bheirfeas ar luchóg, luchóg a lighfeas Im, Im le cur ar chosa con, con a ruaighfeas fiadh, fiadh a léimhfeas thar uisge, uisge a fliucfas cloch, cloch a chuirfeas faobhair ar sgian, sgin a gearrfas slat, slat slat a sgiuirfas druim Mhurchaidh Bhig a d’ith mó chuid sughcraobh indé”.
“Ní bhfuigh tú mise” ars’n cat. “go bhfágha tú trí deoch bainne ó na trí ba udaí thall.(continues on next page)- Collector
- Doiminic Ó Ceallaigh
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal