School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go bhfaigha tú cloch a chuirfeas faobhair orm”.
Chuaidh sé chuig an chloch “caidé tá dhíoghbhail ort ars’n chloch”, “Tá cloch a chuirfeas faobhair ar sgin, sgin a gearrfas slat, slat slat a (chuirfeas) sgiuirfas druim Murcaidh Bhig a d’ith mo chuid sughcraobh indé”.
“Ní bhfuig tú mise ars’n chloch go bhfagha tú uisge a fhluichfas mé”.
Chuaidh sé chuig an t-uisge. “Caide tá dhíoghbhail ort ars’n t-uisge”, “Tá uisge a fhluicfas cloch, cloch a chuirfeas faobhair ar sgin, sgin a ghearrfas slat, slat slat a sgiúrfas druim Mhurcaidh Bhig a d’ith mó chuid sughcraobh indé. Ní bhfuigh tú mise ars’n t-uisge go bhfágha (go) tu fiadh a léimeas tharm”.
Chuaidh sé chuig an fhiadh, “caidé tá dhíoghbhail ort ars’n fhiadh”. Tá fiadh a léimhfeas thar uisge, uisge a fhluichfas cloch a chuirfeas faobhair ar sgin, sgian a ghearrfas slat, slat slat a sguifas druim Mhurchaidh Big a d’ith mó chuid (sghcraobh) sughcraobh indé”.
“Ní bhfuigh tú mise ars’n fhiadh go bhfágha tú cú a ruaighfeas mé”.
Cuaidh sé chuig an cú. “Caidé tá dhíoghbhail ort ars’n chú”. Tá cú a ruaighfeas fiadh, fiadh a léimfeas thar uisge, uisge a fhluichfas cloch, cloch a chuirfeas faobhair ar sgian, sgian a ghearrfas slat, slat slat a sgiúirfas druim Mhurcaidh Bhig a d’ith mó chuid sughcraobh indé”.
Ní bhfuigh tú mise” ars’n chú “go bhflágha tú im(continues on next page)- Collector
- Doiminic Ó Ceallaigh
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal