School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 345
- XML “Amhrán - Ailt Uí Dhúchon”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Agus cruinnigheann na h-Éireannaigh 'nall
n-áit a bhfuigh siad spóirt agus damhsa
Ina gcondae bheag dheas Dún na nGall6.
Nuair a tharas an geimhreadh go h-Éirinn
agus imthigheann an chuach le n-a linn
Agus béidh na h-uan óga na gcaoirigh
An luighe faoi fosgadh na mbeann.7.
Tá'n caorthainn ag fás ins an gharraidh
Tá'n cuileann taobh thiar do sa bhinn
Tá aitheannach dheas na bláith buidhe ann
S'an droighean deas ag tógail a chinn.8.
Is mór mór a truaighe tú Éire
Is do chlann bhocht iad sgabtha bhfad uait
Ach gheobhaidh tusa ceart agus sasámh
'Sní bhéidh agat buidheachas ar Shasain,
No ar Sheosamh na bratóige buidhe9.
Seo sláinte agaibh páirtibh Tír Chonaill
Na sean-daonaibh méid atá beo,
's go ndéanaidh Dia maith ar na mairbh
Ní fheicfidh muid iad-san go deo.Sgéalaidhe: Anna Breathnach, Áirdmhín a d'aithris
Scríbhneóir: Gráinne Breathnach.- Collector
- Gráinne Breathnach
- Gender
- Female
- Informant
- Anna Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal