School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 317

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 317

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 317
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí fear agus bean ann am amháin agus bhí triúr mac aca. Nuair nach raibh na mic acht óg fuair a n-athair bás agus fa chionn tamail fuair an mhathair bás. Tarla go raibh an mhathair muinnteardha do'n rí agus thug an rí leis na mic.

    (continued from previous page)
    a ba shine gur fhág a athair aige-san gach rud da raibh os cionn agus faoi’n talamh. Dubhairt an dara mac gur fhág a athair aige-san gach rud dá raibh taobh astoigh de’n dá crígh. Dubhairt an an tríomhadh mac go raibh gach rud da raibh dubh agus glas ins an coillidh fágtha aige-san.
    B’éigean do’n rí geilleadh agus a rádh nach raibh a fhios aige cé aca ba chóir an choillidh a fhághail.
    Fa chionn tamaill dubhairt sé leo go dtabhairfeadh sé an choillidh do’n te a ba chliste aca.
    Dubhairt an chead fhear go raibh seisean comh cliste agus go dtabhairfeadh sé mála cluimhrighe go bárr cnuic lá gaoithe móire agus go leigfeadh sé do’n chluimhreach imtheacht leis an ghaoith mhóir agus go léimfheadh sé agus go mbeirfheadh sé ar gach cleite aca.
    Dubhairt an dara fear go raibh seisean comh cliste agus go bhfuigeadh sé greim ar an chú a ba ghaiste ar dhruim an domhain. Dubhairt an tríomhadh fear go mbeirfheadh sé ar an éan a b’áirde a bhéadh ag eiteall ins an aer.
    Ina dhiaidh sin chuir an rí fiachail ortha go bhfeiceadh sé cia aca b’fearr tuicse, acht fuair sé amach go raibh gach mac aca comh cliste agus comh tuisceanach leis an duine eile.
    Thug sé a aghaidh ortha agus dubhairt nach raobh a fhios aige cia aca ba choir an coillidh a fhághail ní luaithe bhí an focal deireannach as a bhéal no thuit sé marbh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Dómhnall Breathnach
    Gender
    Male
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal
    Informant
    Antóin Breathnach
    Gender
    Male
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal